Mianaigh ag teacht isteach an chósta ón fharraige. Thagadh coirp isteach fosta a bádh, fir darbh ainm Buckley agus Mc Carthy. Bhí corp fir eile a raibh cábla agus tóirse thart ar a mhuineál, measann Micí gur fear faire deic an bháid a bhí ann. A athair agus fear eile a fuair an corp an chéad rud ar maidin.
Tá cuid acu sin curtha i Machaire Gathlán.